Main menu:
Our news
Seachtain na Gaeilge
Bhí Scoil Eamuinn ag céiliúradh Seachtain na Gaeilge le déanaí. I mbliana thug na daltaí ó Sheomraí 10 agus 12 taispeántais bríomhar dúinn de Bhallaí Luimní. Tugaimid buíochas mór do Mhícheál agus Dheirdre, na ceoltóirí a chabhraigh linn.
Bhí Teacht le Céile againn sa Scoil ar an Luan. D'aithris agus chan na leanaí ó Sheomraí 7, 8 agus 9, na ranganna Naoináin, dánta, rannta agus amhráin dúinn. Chuir na leanaí ó Ranganna a hAon go dtí a Cúig Taispeántas Faisean i láthair. Bhí slite beatha eagsúla, daoine spóirt agus réaltaí ó na scannáin le feiceáil. Chonaic mé fear dóiteán, tógálaí, Padraig Harrington, Serena Williams, Lady Gaga, Michael Jackson agus fiú Jedward i measc na daoine ar an stáitse.
Ag deireadh an Taispeántas chonaiceamar Seomra 4 ag déanamh An Haca Gaelach. Bhain gach éinne taitneamh as an lá.
Pictúirí eile ón lá.